Beidh seisiún Trad for Trócaire ar siúl Déardaoin 10 Samhain 2016 ag a hocht a chlog i halla paróiste Bhaile Dúill, in aice leis an teach pobal.
Bígí linn 🎶🎻🎹🎶
All are welcome, especially new musicians and singers. Please feel free to come along and join in. Email: eilisfisher28@gmail.com for more.
Sunday, 16 October 2016
Trad for Trócaire
Saturday, 31 October 2015
Carúil na Nollag 2015
Beidh an chéad cleachtadh ceoil againn maidin amárach, 1 Samhain, tar éis an Aifrinn ag 9 a chlog. Bígí linn. 🎶 🎻 🎹 🎸 🎼 🎵
Wednesday, 24 December 2014
Sunday, 1 December 2013
Wednesday, 13 November 2013
Cleachtadh cheoil
Beidh cleachtadh cheoil againn Déardaoin 14ú Samhain ag 8.00pm san halla in taobh le séipéil N. Peadar agus Pól. Bígí linn, fáilte roimh chách.
Music practice on Thursday 14th November is at 8.00pm in the hall beside SS. Peter and Paul's Church. Come and join us, all welcome.
Music practice on Thursday 14th November is at 8.00pm in the hall beside SS. Peter and Paul's Church. Come and join us, all welcome.
Sunday, 3 November 2013
Carúil na Nollag
Cleachtadh carúil na Nollag ag 8.30pm i halla Nmh. Peadar agus Pól, Déardaoin 7ú Samhain 2013. Fáilte roimh chách.
Christmas Carols music practice at 8.30pm in parish hall Sts. Peter and Paul, Thursday 7th November 2013. New singers and musicians welcome.
Sunday, 27 October 2013
Seirbhís Carúil
Beidh an seirbhís carúil bliantúil againn i mbliana ar an 22ú Nollag. Beidh cleachtaí ag tosú san halla taobh le séipéil N. Peadar agus Pól ar an Déardaoin 7ú Samhain ag 8.30pm do aon duine gur mhaith leo a bheith páirteach. Fáilte roimh chách.
The annual Irish carol service will this year be held on 22nd December. Rehearsals for this service will take place in the hall beside SS. Peter and Paul's Church each Thursday at 8.30pm beginning 7th November. We would love you to join us, whether to sing with us or play an instrument. All are welcome.
Wednesday, 16 October 2013
Cupán Tae
Beidh an tAifreann Gaeilge ag 9am gach Domhnach feasta, ón 20ú Deireadh Fómhair. Cuirfear cupán tae ar fáil i ndiaidh an Aifrinn i halla an pharóiste, chun fáiltiú roimh phobal Aifreann Gaeilge Chill Fhionntain agus roimh dhaoine breise ónár bparóiste féin agus ó pharóistí eile. Fáilte roimh cách.
The Irish mass in Baldoyle will be at 9am every Sunday morning from now on. We will have refreshments after mass next Sunday morning to welcome other parishioners from Sutton and surrounding areas to the mass. All welcome.
Aifreann ag 9.00 a chlog ón 20ú Deireadh Fomhair 2013 as seo amach
Beidh an tAifreann Gaeilge ag 9am gach Domhnach feasta, ón 20ú Deireadh Fómhair.
Cuirfear cupán tae ar fáil I ndiaidh an Aifrinn I halla an pharóiste, chun
fáiltiú roimh phobal Aifreann Gaeilge Chill Fhionntain agus roimh dhaoine breise
ónár bparóiste féin agus ó pharóistí eile.’
Sunday, 29 September 2013
Aifreannn ag 9.00 a chlog ón 20ú Deireadh Fómhair 2013 as seo amach
Toisc an ganntanas sagart san ard-deoise, bhí baol ann go gcaillfimis an t-aifreann Gaeilge i mBaile Dúill. Bhí rogha le déanamh ag na húdaráis idir Cill Fhiontain agus Baile Dúill. Buíochas le Dia, leis na sagairt agus le gach duine eile i gceist, roghnaíodh Baile Dúill!
An t-aon mhíbhuntáiste beag ná go mbeidh an t-aifreann feasts ón 20ú Deireadh Fómhair 2013, ag 9.00am i.e. leath uair a chloig níos luaithe. Tá súil againn go bhfeicfidh muid sibh uilig ann, le bhur gcairde, páistí etc.
An t-aon mhíbhuntáiste beag ná go mbeidh an t-aifreann feasts ón 20ú Deireadh Fómhair 2013, ag 9.00am i.e. leath uair a chloig níos luaithe. Tá súil againn go bhfeicfidh muid sibh uilig ann, le bhur gcairde, páistí etc.
Friday, 29 March 2013
Monday, 18 March 2013
Lá le Pádraig 2013!
Míle buíochas do na cantoirí agus na ceoltóirí a bhí páirteach san aifreann inné, agus rinne Aisling agus Emily damhsa álainn ag deireadh an aifreann. Chuir sé seo go mór leis an ócáid. Gura míle maith agaibh a chailíní!
Sunday, 9 December 2012
Seirbhís Carúil Nollag le cór Bhaile Dúill
Seirbhís Carúil Nollag le cór Bhaile Dúill
i
Séipéal Nmh. Peadar agus Pól, Baile Dúill
Dé Domhnaigh 16ú Nollag 2012
3.30 - 4.30pm
Bígí linn.
Sunday, 21 October 2012
Iomainn don tseachtain seo chugainn - 28 Deireadh Fómhair 2012
Iomainn don tseachtain seo chugainn - 28 Deireadh Fómhair 2012
20 Gura Tú mo Bhuile
Gura tú mo bhuile, a chroí na gile
Ní ní neach eile ach Rí seacht neimhe
Gura tú mo mhachnamh de ló is d’oíche
Gura tú mo radharc i mo chodladh choíche
Gura tú mo lúireach, gura tú mo bhinneas
Go mba tú mo mhórgacht, gura tusa m’aoibhneas
Gura tú mo dhídean, gura tú mo dhaingean
Go mba tú do m’ thógáil do chuallacht na n-aingeal
Gura tú mo labhairt, gura tú mo thuigse
Go mba tusa domsa, go mba mise duitse
Gura tusa m’athair, gura mé do mhacsa
Gura tusa liomsa, gura mise leatsa
Gura tú mo bhuile, a chroí na gile. Amen
16 Deus Meus
Deus meus adiuva me
Tabhair dom do shearc, a Mhic Dhil Dé
Tabhair dom do shearc, a Mhic Dhil Dé
Deus meus, adiuva me.
Domine, da quod peto a te
Tabhair dom go dian, a ghrian ghlan ghlé
Tabhair dom go dian, a ghrian ghlan ghlé
Domine, da quod peto a te.
Tuum amorem sicut vis,
Tabhair dom go tréan a déarfad arís
Tabhair dom go tréan a déarfad arís
Tuum amorem, sicut vis.
Domine, Domine, exaudi me,
M'anam bheith lán de d' ghrá, a Dhé
M'anam bheith lán de d' ghrá, a Dhé
Domine, Domine, exaudi me.
39 Tú Féin m’Aon Aisling
Tú féin m’aon aisling, a Thiarna mo chroí
Ach amháin tusa níl ann ach neamhní
Oíche is sa ló is tú lóchrann mo shlí
Soilsír i m’shuan orm agus nuair a dhúisím
M’eagna tú féin agus m’aon bhriathar fíor
Mise de shíor leat is tú liom de shíor
Tú mo mhór-Athair is mé do mhac díl
Tusa do chónaí ionam, mé ag fás uait mar chraobh
T’réis an chrua-chomhraic, a Rí ghil na reann
Fáiltigh ar neamh romham a Ghrian a bhfuil ann
Cnú mo chroí féin thú pé íde atá chugam
M’aisling go brách thú, a Rí mhór na ndúl
11 Beannacht Leat a Mhuire
Beannacht leat, a Mhuire
Is beannacht leat, a Chríost
Go gcumhdaí sibh ár n-anama
Go dtagaimid arís
Beannacht leat, a thigh Dé
Is beannacht Dé inár dtimpeall
Nár scara uainne grásta Dé
Go bhfillimid chun a theampaill
Saturday, 31 December 2011
Baldoyle Choir Christmas Carols
Nollaig shona agus athbhlian faoi mhaise daoibh go léir.
http://www.youtube.com/ watch?v=j4A1Jal6ygw&feature=you tube_gdata_player
Friday, 9 December 2011
Carúil na Nollag
Carúil na Nollag i mBaile Dúill, Dé Domhnaigh seo chugainn 11ú Nollag 2011 ag 3 a chlog. Bí linn, ba bhreá linn sibh a fheiceáil.
Sunday, 20 November 2011
Carúil na Nollag ar 11ú Nollag 2011 ag 3 a clog
Bhí an chéad chleachtadh ceoil do carúil na Nollag againn ar maidin. D'éírigh go maith linn. Má tá suim ag éinne bheith páirteach, labhair linn tar éis an aifreann maidin Dé Domhnaigh seo chugainn. Beidh cleachtadh againn Dé Domhnaigh seo chugainn ag 7pm i dteach Muintir Mhic an Iascaire.
We had our first music practice for the Carol Service for Christmas this morning. If you are interested in joining us please talk to us after mass next Sunday morning, we would be delighted to hear from you. Our next practice is next Sunday evening at 7pm in the Fisher's house.
Iomainn don tseachtain seo chugainn
73: Tar Chugainn Tar Emmanuel 72: Suantraí na Maighdine 0: Corantaigh 13 34: Nach Álainn ar na Sléibhte
Sunday, 13 November 2011
Carúil na Nollag
Carúil na Nollag 11ú Nollag 2011 ag a 3 a chlog i séipéal Nmh. Peadar agus Pól i mBaile Dúill. Bígí linn.
Subscribe to:
Posts (Atom)
