Monday 9 November 2009

Teacht Chríost

Do ghlanas mo chroí anocht,
Amhail mhnaoi a ghlanfadh a teach,
Roimh theacht dá leannán dá fios,
A leannáin, ná téirigh thart.

Do leathas doras mo chroí,
Amhail fhear a dhéanfadh fleá,
Ar theacht i gcéin dá mhac,
A mhic, is álainn do theacht.

No comments:

Post a Comment